Page 4

TCD Multilingual 2015

Réamhra na nEagarthóirí Fáilte romhat go Teangacha na Tríonóide, iris aon-uaire ilteangach a chéiliúraíonn an éagsúlacht teangacha a labhraítear i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Istigh anseo gheobhaidh tú léargas ar réimse leathan teangacha a chloistear sa phobal s’againn, agus ar a gcuid cainteoirí. Cuirfear an luach a bhaineann le féiniúlacht teanga, le heagsúlacht chultúrtha agus le foghlaim teangacha nua in iúl, trí ligint do 10 mac léinn agus ball foirne a gcuid scéalta féin a insint, ina dteangacha dúchais féin. Tagann mic léinn go Coláiste na Tríonóide ó os cionn 100 tír éagsúil gach bliain, rud a fhágann go labhraítear an-mheascán teangacha anseo. Bheadh sé dodhéanta d’aon fhoilseachán an réimse leathan de chultúir agus de theangacha i gColáiste na Tríonóide a léiriú – cé go bhfuil iarracht iontach déanta ag Teangacha na Tríonóide. Agus cé nach féidir linn ach blaisín den éagsúlacht atá taobh istigh de bhallaí Choláiste na Tríonóide a chur os do chomhair san fhoilseachán seo, táimid ar bís freisin go bhfuilimid ag tabhairt deise duit tú féin a chailliúint i ndearcaidh theanga agus chultúrtha eile. Má spreagann an foilseachán seo tú chun teanga nua a fhoghlaim, beidh an-chuid deiseanna agat é sin a dhéanamh i gColáiste na Tríonóide. Rinne Yulia Kharchenko, mac léinn MPhil sa Teangeolaíocht Fheidhmeach, taighde sa bhliain 2013/14 ar mhúineadh agus foghlaim na dteangacha i gColáiste na Tríonóide. Fuair sí amach go múintear 30 teanga sa choláiste ar bheagnach 400 chúrsa éagsúil. Anuas air sin, bhí níos mó ná teanga amháin ag 92% de phobal an choláiste, mar sin ní cóir go mbeadh deacracht agat teacht ar dhuine éigin chun do theanga nua a labhairt leo! “Foghlaimítear teanga i gColáiste na Tríonóide, ní amháin chun deiseanna fostaíochta agus cumarsáide a mhéadú, ach mar gheall ar shuim san oidhreacht liteartha, féiniúlacht náisiúnta, nó suim sa teanga féin chomh maith.” – Yulia Kharchenko, mac léinn MPhil Tá na heagarthóirí buíoch den fhoireann scríbhneoirí agus aistritheoirí a thug a gcuid ama chun tábhacht na dteangacha dar leo a thaispeáint, agus chun cuidiú le tionscnamh uathúil. Tá cumhacht ar leith ag baint le gach píosa scríbhneoireachta anseo, agus cuirfidh siad ag smaoineamh thú. Bhí an méid sin suime ag muintir an choláiste páirt a ghlacadh in Teangacha na Tríonóide nach rabhamar in ann glacadh leis na dosaenacha scéalta faoi theangacha suimiúla eile. Dá bhrí sin, titeann sé ortsa, a léitheoir, na scéalta sin a aimsiú duit féin. Tá sé de phribhléid ollmhór againn a bheith i dtimpeallacht chomh lán le héagsúlacht, le paisean agus le tallann is atá Coláiste na Tríonóide. Ná déan dearmad air sin. Agus bain sult as an turas timpeall an domhain sna leathanaigh a leanas. Aoife Crawford, Oifigeach na Gaeilge Fionn Ó Deá, Reachtaire, An Cumann Gaelach 2


TCD Multilingual 2015
To see the actual publication please follow the link above